Twitter

Is láithreán líonraithe shóisialta é Twitter, a chuireann seirbhísí líonraithe shóisialta agus micreabhlagála ar fáil dá úsáideoirí. Bhaist Elon Musk 'X' ar an aip sa bhliain 2023, "an aip a dhéanann gach rud" dá réir seisean. Ach is deacair sean-nós a bhriseadh agus tá 'Twitter' i mbéal an phobail fós. Foilsítear teachtaireachtaí ghearra faoi 280 carachtar i bhfoirm théacs ar a dtugtar tvuíteanna, giolcanna nó tweets as Béarla. Ós rud é go gcuirtear srian ar líon na gcarachtar in aon phostáil nó tvuít, déantar cur síos uaireanta air mar "SMS (Seirbhís Gearrtheachtaireachtaí) an Idirlín". Úsáidtear Twitter chun, mar shampla, ceoltóirí, aisteoirí agus daoine cáiliúla eile a leanúint. Cruthaíodh Twitter ar an 21 Márta 2006 nuair a sheol Jack Dorsey a chéad tvuít. Tá cúpla céad mhilliún úsáideoir sroichte acu ó shin. Tá ceanncheathrú Twitter lonnaithe i San Francisco, California.


© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search